Fáilte chuig Parlaimint na hEorpa 

Is fóram tábhachtach í Parlaimint na hEorpa don díospóireacht pholaitiúil agus don chinnteoireacht ar leibhéal AE. Toghann vótálaithe i ngach Ballstát Feisirí de Pharlaimint na hEorpa go díreach chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna daoine maidir le reachtóireacht AE gus lena chinntiú go bhfuil institiúidí eile AE ag feidhmiú go daonlathach.

Cumhachtaí na Parlaiminte
 

Is comhreachtóir anois í an Pharlaimint, a roinneann an chumhacht leis an gComhairle chun tograí reachtacha a ghlacadh agus a leasú agus chun buiséad AE a chinneadh. Déanann sí maoirsiú freisin ar obair an Choimisiúin agus ar chomhlachtaí AE agus comhoibríonn sí le parlaimintí náisiúnta AE chun a ndearcadh a fháil uathu. Feicfidh tú anseo an chaoi a n-oibríonn sé seo ar fad.

Eagar agus obair 

Foghlaim faoin ról agus faoi na feidhmeanna atá ag Uachtarán na Parlaiminte, grúpaí polaitiúla, coistí, toscaireachtaí, comhlachtaí polaitiúla éagsúla agus grúpálacha neamhfhoirmiúla na bhFeisirí agus, chomh maith leis sin, faoi na rialacha nós imeachta.

Daonlathas agus cearta an duine 

Tá an Pharlaimint gníomhach ní amháin i gcur chun cinn na cinnteoireachta daonlathaí san Eoraip ach ag tacú freisin leis an gcomhrac ar son an daonlathais, saoirse cainte agus toghcháin chothroma ar fud an domhain. Foghlaim faoi mar a thugann an Pharlaimint cosaint do chearta an duine ar fud an domhain.

San am a caitheadh 

Tá an Pharlaimint ag cruinniú cumhachtaí chuici féin go dlúsúil trí leasuithe comhleantacha ar na conarthaí Eorpacha a thug cumhacht mhéadaithe don t-aon chomhlacht AE atá tofa go díreach. Foghlaim faoi theacht ar an bhfód don Pharlaimint diaidh ar ndiaidh mar phríomhpháirtí i bpróiseas cinnteoireachta AE.

Le blianta anuas agus de bharr athruithe a rinneadh ar na conarthaí Eorpacha, tá cumhachtaí tábhachtacha reachtacha agus buiséadacha faighte ag an bParlaimint a cheadaíonn di, i dteannta le hionadaithe ó rialtais na mBallstát sa Chomhairle, an treo ina rachaidh an tionscadal Eorpach a chinneadh. Agus an obair seo ar siúl aici, tá gach iarracht déanta ag an bParlaimint an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn – ní hamháin san Eoraip ach ar fud an domhain freisin.

Picture of the European Parliament building    
 

Faoi do réir

Bí ar an eolas faoin bParlaimint agus cuir do thuairim chun tosaigh: cuir ceist orainn, cuir achainí isteach, faigh doiciméid, cuir isteach ar thréimhse oiliúna, nó bí i dteagmháil le hoifig na Parlaiminte i do thír dhúchais féin.

Na Rialacha Nós Imeachta

Deir Airteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa Rialacha Nós Imeachta. Is iad seo rialacha inmheánacha eagrúcháin agus oibríochta na Parlaiminte.